Teach Mhicí Mhic Gabhann

Lá Oscailte Seachtain Oidhreachta Náisiúnta 22-08-15
Teach Mhicí Mhic Gabhann
Mórtas Ceantair
Rinneadh athchóiriú ar Theach Mhicí Mhic Gabhann le gairid. Tá an teach seo suite i nDoire Chonnaire, taobh amuigh de bhaile Ghort a' Choirce i gcroí lár na Gaeltachta. Tá clú agus cáil ar Mhicí Mhic Gabhann fríd an domhain mhór, mar gheall ar scéal a bheatha a bheith foilsithe sa leabhar Rotha Mór an tSaoil. Tógadh an teach sa bhliain 1850 agus ba sa teach seo a rugadh Micí (Thomais) Mac Gabhann sa bhliain 1865. D'aithris sé scéal a bheatha do Shéan Ó hEochaidh a bhí pósta ar a iníon Annie agus foilsíodh "Rotha Mór an tSaoil" in 1959, foilsíodh an t-aistriúchán le Valentin Iremonger "The Hard Road to Klondike" in 1962. Rinneadh an scannán ar shaol Mhicí Mhic Gabhann - Rótha Mór an tSaoil, in 1968 agus rinneadh roinnt scannáin eile fa shaol Mhicí ó shin.
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an Comhlacht Forbartha Áitiúil Dhún an nGall Teoranta (DLDC)a thug maoiniú dúinn chun an tógra seo a chuir i gcríth.